Gailearaí Físeán
Clár deireadh an t-séasúir reatha
Ta Ríona faoi imní mhór gur i bpriosúin a bheidh sí féin agus a céile.
View (TG4)
Clár deireadh an t-séasúir reatha
Tá an baile trína chéile arís ag an scéala gur thit duine isteach sa bhfarraige.
View (TG4)
Faigh amach cad atá ag tarlú ar Ros na Rún an tséasúir seo! View

|
{
Sraith Nua
Fágadh lucht leanta na sraithe ar bís agus in amhras i gclár deireadh na sraithe reatha, an dara séasúr déag ar fad, nuair a sciorr an coirpeach O’Dowd le haill agus é amuigh ag siúl lena bhean chéile, Ríona atá ag iompar clainne.
Sraith Nua
Ach ba lúbaire cleasach é Jim riamh agus cá bhfios nach seift eile í seo aige le dallamullóg a chur ar chách agus len éalú ó na deacrachtaí éagsúla atá ag bagairt air, ina measc bannaí cúirte agus téarma príosúin. Nochtfar gach rún sa bhFómhar i séasúr úr-nua.
Clár deireadh an tséasúir reatha
Tá an baile trína chéile arís ag an scéala gur thit duine áitiúil isteach sa bhfarraige le linn siúlóide cois aille. Déanann na Gardaí agus an Garda Cósta iarracht ar chuardach ach tá an aimsir chomh dona sin go gcuirtear an iarracht ar athló go maidin.
Clár deireadh an tséasúir reatha
Tá Ríona faoi imní mhór gur i bpríosún a bheidh sí féin agus a céile má ghlacann cúirt le fianaise Tina ina gcoinne. Cé go bhfuil O’Dowd ag iarraidh í a chur ar a suaimhneas, tá sé féin faoi imní go bhfuil an rud is ansa ar fad leis ina shaol - bhean agus an leanbh sa mbroinn - i mbaol a mbasctha ag a chúlra coiriúil.
|
|
Bás nó beatha ag O'Dowd ag deireadh an tséasúir do Ros na Rún. Nochtfar gach rún sa bhFómhar i séasúr úr-nua.
Beidh Ros na Rún ar ais ar TG4 ar an 28 Meán Fómhair, 2008.
Táimid fíorbhuíoch dár soláthróirí agus dár gcuiditheoirí ar fad mar ní bheadh aon rath ar an gclár seo murach iad. Bain úsáid as an nasc thíos chun roinnt eolais a fháil faoin ár soláthróirí
Soláthróirí
|
|
|